Minister Martin confirms funding of €394,500 for the Music Capital Scheme 2022

Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media Catherine Martin has today announced funding of €394,500 for Music Network towards the Music Capital Scheme.

Supported by the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media, the Music Capital Scheme assists with the purchase of musical instruments and is designed to respond to a broad range of capital needs within the music sector in Ireland.  Since its launch in 2008, more than €2 million has been awarded to organisations and individual musicians across the country, performing in genres including traditional Irish, classical, folk, jazz, electro-acoustic, early/baroque and rock/pop.  Previous awardees include Portlaoise Men’s Shed who received funding for ukuleles, award winning singer-songwriter Luan Parle and critically acclaimed newcomer Niamh Regan.

This year, an extensive range of applicant supports will be available during January and February 2023.  These will be available to both organisations and individuals with a particular focus on supporting first time and previously unsuccessful applicants.  Music Network is committed to equity and inclusion and welcomes applications from individuals within culturally diverse communities and people with disabilities.   All supports are provided free of charge.  More details on these supports can be found on www.musicnetwork.ie

Since 2008, the Music Capital Scheme has been responsible for:

  • 192 performing groups being able to purchase instruments and expand their memberships
  • €2,660,991 in award funding which has benefitted musicians and performing groups
  • 159 professional musicians advancing their performance careers with new instruments enabled by the Scheme
  • 46,000+ beneficiaries from early-years to mature players, including musicians with physical and intellectual disabilities, receiving vital support through the Scheme

Announcing the funding, Minister Martin commented:

Since its launch in 2008, the Music Capital Scheme has benefitted many deserving organisations and individuals and I am so pleased that my Department has been able to continue supporting the scheme, and indeed increase funding this year.   

I would like to thank Music Network for managing the Music Capital Scheme so efficiently and for making this year’s focus on supporting first time and previously unsuccessful applicants.”   

The scheme is operated on behalf of the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media by Music Network, which is Ireland’s national music touring and development agency.

The Scheme is open for applications from Thursday 15th December 2022 to Tuesday 28th February 2023 at 2 pm. The guidelines documents and application forms are available on https://www.musicnetwork.ie/

Deimhníonn an tAire Martin maoiniú  €394,500 don Scéim um Chaipiteal Ceoil 2022  

D’fhógair Catherine Martin an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maoiniú €335,000 le haghaidh na Scéime um Chaipiteal Ceoil inniu.

Tacaíonn an Scéim um Chaipiteal Ceoil le huirlisí ceoil a cheannach agus dearadh í chun freagairt do raon leathan riachtanais chaipitiúla laistigh d’earnáil an cheoil in Éirinn. Ó bunaíodh í in 2008, bronnadh níos mó ná €2 mhilliún ar eagraíochtaí agus ar cheoltóirí aonair ar fud na tíre, ag seinm cheoil thraidisiúnta, chlasaicigh, cheoil tíre, snagcheoil, cheoil leictreacústaigh, cheoil bharócaigh agus rac/popcheoil. I measc na bhfaighteoirí go dtí seo tá Seid na bhFear i bPort Laoise a fuair maoiniú le haghaidh ucailéilí, an t-amhránaí is scríbhneoir Luan Parle a bhuaigh go leor duaiseanna agus an ceoltóir nua Niamh Regan ar tugadh ardmholadh di.

I mbliana, beidh raon leathan tacaíochtaí d’iarratasóirí ar fáil le linn Eanáir agus Feabhra 2023.  Beidh siad seo ar fáil d’eagraíochtaí agus do dhaoine aonair le béim ar leith ar thacú le hiarratasóirí céaduaire agus iarratasóirí nár éirigh leo roimhe seo. Tá Music Network tiomanta do chothromas agus cuimsiú agus fáiltíonn siad roimh iarratais ó dhaoine aonair laistigh de phobail éagsúla cultúir agus ó dhaoine faoi mhíchumas. Cuirtear gach tacaíocht ar fáil saor in aisce.  Is féidir tuilleadh sonraí faoi na tacaíochtaí seo a fháil ar www.musicnetwork.ie.

Ó 2008 i leith, tá an Scéim um Chaipiteal Ceoil freagrach as:

  • 192 taibhghrúpa a bheith in ann uirlisí a cheannach agus a mballraíocht a leathnú
  • €2,660,991 i maoiniú dámhachtana a chuaigh chun sochair ceoltóirí agus taibhghrúpaí
  • 159 ceoltóir gairmiúil ag dul chun cinn lena ngairmeacha léirithe le huirlisí nua a ceannaíodh faoin Scéim
  • 46,000+ duine thuas leis ó cheoltóirí luathghairme go ceoltóirí seanbhunaithe, lena n-áirítear ceoltóirí faoi mhíchumas fisiciúil agus intleachta, ag fáil tacaíochta ríthábhachtaí tríd an Scéim

Agus an maoiniú á fhogairt aici, dúirt an tAire Martin:

“Ó seoladh an Scéim um Chapiteal Ceoil in 2008, chuaigh sí chun sochair go leor eagraíochtaí agus daoine aonair cumasacha agus táim thar a bheith sásta go raibh mo Roinnse in ann leanúint ar aghaidh ag tacú leis an Scéim, agus go deimhin an maoiniú a mhéadú i mbliana. Gabhaim buíochas le Music Network as an Scéim um Chaipiteal Ceoil a bhainistiú go héifeachtach agus as béim na bliana seo a dhíriú ar thacú le hiarratasóirí céaduaire agus iarratasóirí nár éirigh leo go dtí seo.”   

Tá an Scéim á feidhmiú ag Music Network, gníomhaireacht náisiúnta camchuairte agus forbartha cheoil Éireannaigh thar ceann na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Tá an Scéim ar oscailt d’iarratais ón Déardaoin, an 15 Nollaig 2022 go dtí Dé Máirt, an 28 Feabhra 2023 ag 2 i.n. Tá doiciméid treoirlínte agus foirmeacha iarratais ar fáil ar www.musicnetwork.ie

Comments are closed.