25 Radio and TV projects secure €5million for Climate Change and Climate Action Programming

  • Funding for over 1,200 new radio programmes across 24 stations 
  • Funded projects include documentary, entertainment and educational programming, with a quarter of the projects to receive funding aimed at the 15-34 age group
  • New grants give media a ‘powerful role to play in building climate literacy, creatively and with public’
25 Radio and TV projects secure €5million for  Climate Change and Climate Action Programming

Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media, Catherine Martin, has on Monday (19/12/2022) together with Minister for the Environment, Climate and Communications, Eamon Ryan, welcomed the announcement by the Broadcasting Authority of Ireland (BAI) of the award of €5million to 25 radio and TV projects under the Broadcasting Fund Sound and Vision Scheme.

The awards are being made under a dedicated Climate Change and Climate Action Round of the scheme, which has been co-funded by the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media and the Department of Environment, Climate and Communications, to support new and relevant content to raise awareness of climate change and climate action.

Speaking today Minister Martin, said “The media sector continues to have a key role in informing and educating on the impact of climate change, but also in promoting awareness and highlighting the positive actions which we can take as we strive to achieve our climate targets. The projects being announced today will provide interesting and relatable content not just on climate change, but importantly on what we can do to help stop and reverse its effects.”

The funding round follows Government’s commitment under the Climate Action Plan 2021 to provide support for the development of relevant media content, including through the independent production sector, to provide innovative ways to engage with audiences on the topic.

In welcoming the announcements, Minister Ryan, added:  “I wish to congratulate the 25 broadcasters and programme makers who have been awarded this funding. These projects will deliver innovative and creative content on climate action, awareness and empowerment to homes across Ireland. We know from our Climate Dialogues throughout 2022 that people want to know more about climate change, and importantly what they can do to play their part in addressing it. Media has a powerful role to play in building climate literacy, creatively and in a way that people can relate to.”

Details of the successful awardees, which include 10 radio and 15 television projects, of which 5 are bilingual or in Irish, are available here

Funded projects include documentary, entertainment and educational programming with a quarter of the projects to receive funding aimed at the 15-34 age group. Viewers will be able to engage with the joys of slow travel through Europe, or visit some of Ireland’s greenest homes.

There will also be a number of new radio projects, including over 1200 programmes over 12 months as 24 radio stations join together to educate and empower behavioural changes with locally produced content.

Details of the 25 successful projects are available on the Broadcasting Authority of Ireland website.

This round of awards has been co-funded by the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media and the Department of the Environment, Climate and Communications.

It is one of several funded through the Sound and Vision Broadcasting Funding Scheme, which received additional Exchequer funding of €10.5 million earlier this year, and has enabled the BAI to initiate a number of special funding rounds.

In addition to the funding round announced today, other funding rounds include:

  • €2 million for the Irish language broadcasting content (awards announced in November);
  • €2 million for the live music broadcasting projects (awards announced in October); and
  • €1.5 million to projects under Round 42 of Sound and Vision (awards announced earlier this year).

Minister Martin also recently announced the allocation of a further €2.5 million for the independent commercial radio sector.

Leithdháiltear €5 mhilliún ar 25 thionscadal raidió agus teilifíse dochláir a bhaineann le hAthrú Aeráide agus Gníomhú ar son na hAeráide 

  • Maoiniú do níos mó ná 1,200 clár raidió thar 24 stáisiún 
  • I measc na dtionscadal a gheobhaidh maoiniú tá cláir faisnéise, siamsaíochta agus oideachais, agus dírítear ar aoisghrúpa 15-34 i gceathrú cuid díobh
  • Tugtar ról cumhachtach do na meáin sna deontais nua ‘i dtógáil inniúlacht aeráide, go cruthaitheach agus leis an bpobal’

Inniu d’fháiltigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, mar aon leis an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Éamon Ryan, roimh fhógra Údarás Craolacháin na hÉireann go gcuirfear beagnach €2m i ndámhachtainí ar fáil do 10 dtionscadal raidió agus teilifíse faoi Scéim Fuaime agus Físe an Chiste Craolacháin.

Bronntar na dámhachtainí faoi bhabhta tiomnaithe na Scéime don Athrú Aeráide agus Gníomhú ar son na hAeráide, a chómhaoiníonn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, chun tacú le hábhar nua agus ábhartha le feasacht a ardú ar an athrú aeráide agus ar ghníomhú ar son na haeráide.

Ag labhairt inniu dúirt an tAire Martin: “Tá ról lárnach ag earnáil na meán maidir le heolas agus oideachas a chur ar dhaoine faoi thionchar an athraithe aeráide, agus le feasacht a chur chun cinn agus béim a leagan ar na gníomhartha dearfacha is féidir linn a dhéanamh agus muid ag iarraidh ár spriocanna aeráide a bhaint amach. Sna tionscadail a fhógraítear inniu soláthrófar ábhar suimiúil agus inathraithe ní hamháin faoin athrú aeráide, ach faoi cad is féidir linn a dhéanamh chun tionchar an athraithe aeráide a stopadh agus a aisiompú chomh maith.”

Tagann an babhta maoinithe tar éis ghealltanas an Rialtais faoin bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2021 chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt ábhar ábhartha meán, lena n-áirítear tríd an earnáil léiriúcháin neamhspleách, chun bealaí nuálaíocha a sholáthar le hoideachas a chur ar an lucht féachana faoin ábhar.

Agus é ag cur fáilte roimh na fógraí, dúirt an tAire Ryan:  “Comhghairdeas leis na 25 craoltóir agus déantóir clár ar bronnadh an maoiniú seo orthu. Soláthróidh na tionscadail seo ábhar nuálach agus cruthaitheach faoi ghníomhú ar son na haeráide, feasacht aeráide agus cumasú do thithe ar fud na hÉireann. Tá a fhios againn ónár gComhráite Aeráide le linn 2022 gur mhaith le daoine tuilleadh eolais a fháil faoin athrú aeráide, agus cad is féidir leo a dhéanamh chun a bpáirt a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt air. Tá ról cumhachtach ag na meáin chumarsáide maidir le feasacht ar an aeráid ardú, go cruthaitheach agus ar bhealach ar féidir le daoine é a thuiscint.”

Tá sonraí na bhfaighteoirí, lena n-áirítear 10 dtionscadal raidió agus 15 thionscadal teilifíse, a bhfuil 5 cinn acu dátheangach nó i nGaeilge, ar fáil anseo.

I measc na dtionscadal a maoiníodh tá cláir faisnéise, siamsaíochta agus oideachais agus díríonn an ceathrú cuid de na tionscadail a gheobhaidh maoiniú ar aoisghrúpa 15-34. Beidh an lucht féachana in ann blaiseadh a fháil de thaisteal mall tríd an Eoraip agus cuairt a thabhairt ar chuid de na tithe is glaise in Éirinn.

Beidh roinnt tionscadail raidió nua ann freisin, lena n-áirítear breis agus 1200 clár thar 12 mhí. Tiocfaidh 24 stáisiún raidió le chéile chun oideachas a chur ar dhaoine maidir le hathruithe iompraíochta agus a chur ar a gcumas na hathruithe sin a dhéanamh le hábhar a tháirgtear go háitiúil.

Tá sonraí na 25 tionscadal ar éirigh leo ar fáil ar shuíomh gréasáin Údarás Craolacháin na hÉireann.

Tá an babhta dámhachtainí seo ar cheann de go leor a maoiníodh trí Scéim Maoinithe Craolacháin Fuaime agus Físe, a fuair maoiniú breise €10.5 milliún ón Státchiste níos luaithe i mbliana, agus a chuir ar chumas an Údaráis roinnt babhtaí maoinithe speisialta a thosú.

Chomh maith leis an mbabhta maoinithe a fógraíodh inniu (a chómhaoiníonn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide), i measc na mbabhtaí maoinithe eile tá:

  • €2 mhilliún d’ábhar craolacháin Gaeilge (dámhachtainí a fógraíodh i mí na Samhna);
  • €2 mhilliún le haghaidh tionscadail chraolta ceoil bheo (dámhachtainí a fógraíodh i mí Dheireadh Fómhair); agus
  • €1.5 mhilliún do thionscadail faoi Bhabhta 42 den Scéim Fuaime agus Físe a fógraíodh níos luaithe i mbliana).

D’fhógair an tAire Martin le déanaí freisin go bhfuil €2.5 milliún breise á leithdháileadh don earnáil neamhspleách raidió tráchtála.

Comments are closed.